Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhainis ann tug an sídheóga leó í. Bhíodar ag imtheacht leó annsin agus an bhean seo aca agus bhí an lios an-achar ó theach na mná. Nuair a bhíodar sgathamh ag imtheacht bhí sé an dó-dhéág a chlog agus ní fhacadar neach ná cré an fhad is a bhíodar ag siubhal. Annsin ba ghearr go raibh deire na hoidhche ann agus bhí sé ag déanamh lae agus thosuigh na sídheóga ag rith agus chonnaic siad teach mór. Chuala siad an coileach ag ghlaodach agus d'fhág siad an bhean ag geat an tíghe mhóir seo agus d'imthigh siad fhéin leó. Nuair a d'eirigh muinntir a' tíghe ar maidin chonnaic siad bean ag an ngeata agus na raibh a fhios aca cé a bhí ann. Dubhairt fear a' tíghe leí a theacht isteach san teach agus tháinig. Annsin d'innis sí do mhuinntir a 'tíghe chuile shórt a thárla di agus dubhairt sí leó gur b'iad na sígheóga a thug leó í. D'fhan sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Uí Chonghaile
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe