Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 375
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le n-ithe agus le n-ól ag an deárbhráthair saidhbhir acht ní bhíodh an deárbhrathair bocht mar sin. Chuimhnigh an duine bocht ar chleas a bhainfeadh cuid de'n airgead de'n duine saidhbhir. Fuair sé cearc agus mharbhuigh sé í. Chraith sé an fhuil timcheall a mhná agus dubhairt sé léithe gan imtheacht as sin acht fanacht go ciúin. Chuaidh sé chuig an duine saidhbhir agus dubhairt sé leis gur mharbhuigh sé a bhean mar go raibh sí an-olc leis. Caithfidh mise mo bhean fhéin a mharbhughadh adeir an duine saidhbhir mar tá sí an olc liom. Mharbhuigh sé a bhean agus ní raibh bean an duine boicht marbhuighthe chor ar bith. Chuimhnigh sé ar chleas eile agus seo é. Tá girrfiadh agam-sa agus rud ar bith a déaras mé leis déanfaidh sé é. Ar an bpoinnte sin dubhairt an duine bocht leis an ngirrfiadh a dhul ag iarraidh buidéal uisge beatha. Fuair an duine bocht buidéal uisge beatha agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Mhaol-Dia
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe