Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 396

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 396

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 396
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí an-bhrón air. Chuaidh sé chuig lochán eile acht ba é an sgéal céadna é. Bhí fhios aige annsin nach líonfadh sé go deo dhó. Bhí a dhruim cromtha le ualach an bháisín agus chuaidh sé thar a chuid tighthe fhéin acht ní fhéadfadh sé stopadh ionnta. Fuair sé biadh ó na daoine a dhiúltuigh sé féin agus chaith sé oidhche annseo agus annsiúd. Lá amháin bhí sé ag imtheacht thar shliabh mór agus dubhairt sé leis fhéin go ngabhfadh sé suas chun aithrighe a dhéanamh agus go dtiubharfadh Dia suaimhneas dhó. Chuaidh sé chuig mullach an tsléibhe ar a glúinibh agus nuair a shroich sé an bárr bhí sé ar fad gearrtha agus rinne sé aithrighe acht má rinne féin níor thug Dia aon suaimhneas dhó. Bhí sé ag imtheacht leis mar sin ar feadh i bhfad. Is iomdha aithrighe a rinne sé agus is iomdha sliabh a chuaidh sé chuige acht ní raibh aon mhaith ann. Bhí sé sean agus caithte anois mar gheall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Ghógáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Mhaol-Dia
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe