Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 403
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an bó tugtha leo ag na sióga agus bhíodh sé ag aireachas i gconaí ar an mbó. Lá amháin chonaic sé an bó ag teacht chuid an laoigh sa ngarraidhe. Tháinig sé féin agus fear eile agus shíleadar breith ar an mbó. Chuir duine acu trí chorr de draoibeal na bó ar a láimhe agus shíl sé í a chóineáil ach de theip air. Tharraing an bhó chuig an mbruighín é. Bhí cuid de na sióga ag iarraidh é a chuir ag ithe agus an chuid eile ag rá leis gan a dhul.
Ansin duradar leis an fear, “Tagann sluaigh sí Cúige Chonnacht agus sluaigh sí Cúige Mumhan le chéile gach oíche Shamhna ag troid lena chéile”, agus dúirt duine acu “beidh fuil ar smuit agus mailidhe gearrtha”. Maidin moch a bhí ann agus bhí an tráigh agus na slata mara daite le fuil. Oíche amháin bhí a bhean ag sníomh agus tháinig beirt bhan isteach ag sníomh in aoinfheacht léithe. Chuaigh sí amach ag iarriadh uisce le tae a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laigidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe