Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 409
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dá mbíodh aige fhéin do'n deárbhrathair bocht. Lá amháin chuaidh an deárbhrathair bocht ar thóir oibre. Bhí sé ag siubhal nó go raibh sé deireannach go maith ins an oidhche agus casadh fear dó agus bró beag ar a dhruim aige. D'fhiafruigh an fear dhe cé'n áit a raibh sé ó mhaidin agus dubhairt sé gur ag tóraidheacht oibre a bhí sé ag iarraidh airgid a sholáthar do na gasúir agus dubhairt sé go raibh faitchíos air a dhul abhaile gan airgead. Dubhairt sé leis go raibh bró bheag ar a dhruim aige agus go dtiúbharfadh sé dhó é agus dubhairt sé leis go meilfeadh sé chuile shórt acht i n-onóir Dé agus Muire a rádh leis. Annsin chuaidh sé abhaile agus dubhairt sé le na bhean éadach a sgaradh ar an urlár agus dubhairt sé leis an mbró a dhul ag meilt airgid agus thosuigh sé ag meilt airgid nó go raibh an teach lán aige agus dubhairt sé leis annsin stopadh. Ní raibh fhios(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Nágla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe