Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 094
- XML “Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Líosta dos na galair
Sgoilteacha = Feamuinn bhoilgíneach a bhruith agus í a chur leis na cnámha.
Tá tús póta póitín go maith freisin.
Tá cloc mharble (marmar) go maith le leagann leis an bpian.
Tá cáca boxty thar cionn.
Dogadh bhoilg = Dá mbéadh barrach agat agus artha an dóghadh bhoilg a chur ann agus é leagann leis an bpian dhéanfadh sé maith dhó. Seo í leanas artha an dóghadh bhoilg.
Bean mhín ag fear borb
An leanb Íosa na luighe sa gcolag.
Aithris é sin don dóghadh bhoilg
Ag imhtheóchaidh sí gan brig ná docar.
Nuair nach mbíodh an barrach ann leis an artha a chur ann sé an leigheas atá air tús póta a ól nó sin brandy ag an té nach bhfuil an artha aige.
Salann a chur ag bruith ar an téine agus nuair a bhéadh sé an-té é leagann leis an bpian agus cuirfeadh sé ar gcúl í.
Dóghadh. Caonach a bhéadh ar bhárr portach fíor-mhóna a leagann leis an dógadh agus tá sé go maith le' n-aghaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)