Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad síos lé h-ais na cloiche. Sheas ceann aca suas agus (dubhairt) thosuigh sé ag caint ar an tráth abhí síad ar an saoghal eile. Nuair abhí mé ar an saol eile, chuaidh mé isteac i dtigh inghne Ríogh agus d'iarr mé braon bainne uirrí. Níor thug sí dom é. D'ól mé braon as agus chaith mé trí ribh síos ann agus d'imthigh mé liom. Tháinig inghean an Ríogh aríst , agus d'ól sí braon as agus shloig sí na trí ribh. Bhuail sí tínn, bhí sí go h-an dona agus níor bh'fhéidir í a leigheas bíodh a lán dochtúirí aici gach lá agus ní raibh siad in ann í a leigheas.
Ní bheadh sí mar sin a deir ceann eile de na cuit, dá n-ólfadh sí braon as tobar na naom, bheadh sí go maith. Chuaidh na chuit abhaile agus srón chám é féin abhaile. D'imthigh srón chám leis agus fuair sé buidéal, chuaidh sé go dtí an tobar. Thug sé braon uisge as an tobar agus thug sé do inghean an Ríogh é. D'ól sí é agus tháinig na trí ribh aníar, agus bhí sí go maith uaidh sin amach. Thug an rí mála mór airgid do shrón cham agus chuaidh sé abhaile agus áthas mór air. Nuair a tháinig sé go dtí an bheirt darbhratarcha, tháinig olc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chúaláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 98
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe