Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 278](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_278.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 278
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad cuig phunt do ioch dá bhfágfaidh siad istig san oidhche é agus ní raibh cúig phunt aca. Tá cúig phunt agamsa arsa seisean agus tiubhraidh mé díobh é agus féadfaidh sibh é fhágháil isthigh. Thug sé cuig phunt dóibh agus d'imthigh leis. Ní raibh a bfadh siubhalta aige nuair casadh fear beag ruaidh air. D'fiafruigh sé dó cé raibh sé ag dul. Dubhairt seisean go raibh sé ag dul go dtí an domhan Thoir ag iarraidh mná. Rachaidh mise in éinfeacht leat dubhairt an fear beag ruaidh. Ní'l aon gnotha agat in éinfeacht liom arsa seisean mar níl aon airgead agam. Níl aon dochar annsin dubhairt an fear beag ruaidh. Rachaidh mé in éinfeacht leat agus d'imthigheadar.
Ní raibh a bfad siubhalta aca nuair casadh fear leo a bhí ag réabadh cnuic síos i ngleann le na leath-chois. D'fiafruig sé dobhta cé raibh siad ag dul agus dubhairt siadsan go raibh siad ag dul go dtí an domhan thoir ag iarraidh mná. "Rachaidh mise in éinfeacht libh ar seisean. Teanam uait ar' seidsean agus d'imthigheadar leo.
Ba gearr go bfacha siad fear in a luighe agus a chluais leaghtha ar an talamh aige. D'fiafruigh siadsan dó céard a bhí sé ag déanamh. Dubhairt seisean go raibh sé ag éisteacht leis an bhféar ag fás, d'fhiafruigh sé dóib sé raibh siad ag dul(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Patricia Ní Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann