Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)8/ Aghaidh gan cluas, gan béal, gan srón, gan smíg, gan muineal.
Freagra:- Clog.9/ Suidfead i n-áit áirithe sa t-seomra agus ní féadfa-sa agus dó dhícheal a dhéanamh suidhe san áit céadhna.
Freagra:- Suid ar do gluain.10/ Chuir mé slat aréir agus nuair a d'éirigh mé ar maidin bhí sé chomh h-árd leis an spéir.
Freagra:- Deatach.11/ Chuaidh mé suas an boítrín. Tháinig mé anuas an boítrín agus thug mé an bóitrín ar mo dhruim.
Freagra:- Dréimre.12/ Chuaidh mé siar an bóitrín. Tháinigh mé aniar an boitrín agus thug mé liom an rud nár theastuigh uaimh.
Freaghra:- Dealg.13/ Sean fhear bhocht, is a maidí faoi na uach agus é ag síleadh na ndeor go cráidte.
Freagra:- Buntop Tighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dubáin
- Inscne
- Baineann