Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)42/ Casadh liom fear mór dubh, dith mé a cuid feola agus d'ól mé a cuid fola.
Frg:- Sméara Dubh.43/ Ní fuil is ní feol is ní cnámh é, ach as fuil agus feol a d'fás sé.
Frg:- Cleite.44/ Fiuchann sé go leor is ní bhruitheann sé tada.
Frg:- Túlán.45/ Cléibhin geal is slataí ann agus snáithe dearg in-a bárr.
Frg:- Do chuid fiachla.46/ Cén rud is eadtruime na cleite.
Frg:- Gaoth.47/ Cé méid ruball a gheobhfaidh as seo go dtí an gealach.
Freagra:- Ceann amháin, dá mbeadh sé sáthach fada.48/ Cén áit ar bualadh an chéad tairnge ariamh.
Frg:- Sa mullach.- Bailitheoir
- Bríghidh Breathnach
- Inscne
- Baineann