Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Amach san meadhon oidhche, tháinig na fir beaga aríst. D'iarr chuile dhuine aca a srian, a capall agus a dhiallaidh. Fuair siad iad. Nuair a bhí an duine deireannach ag dul amach, dubhairt sé:- Bliadhain san oidhche anocht ghoid Giolla na gCosa Dubha an bean aluinn uainn, ach ar sé arís is beag an mhaith dó í mar cur mise biorán suain in-a cloigeann, is ní labhrugadh sí aon focal go deo arist. Ní bheidh sí mar sin da mbainfeadh sé cuid de'n luibh atá ag fás ag bun an tighe agus é fucadh in uisge locha agus an sug a thabhairt le n'ól dí. Nuair a chuaidh an Giolla abhaile bhain sé an luibh agus chuir sé sios i bpota uisge loca i. Annsin bhlas sé féin dó agus nuair blas thuit sé, ach is gearr gur éirighe sé aríst. Annsin thug sé braon den bhean agus tháinig a cainnt aici. Chuaidh siad go dtí an sagart annsin, agus phós sé iad. Chuir sé sgéal ag an Rí agus dubhairt sé go raibh a inghean agus é féin posta ag an sagart agus go raibh a cainnt aicí. Chuir an Rí a lán airgead dóbhtha agus mhaireadar go sona séin uaidh sin amach.
- Bailitheoir
- Nóra Seoige
- Inscne
- Baineann