Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1/ Máire beta ag sgríobhadh leitir, le dhá cléite ganndail,
Thuit an cleite síos sa bpota, is thosuigh Beta ag damhsadh.
2/ Fromsó, fromsó, bean a dhaimhseocadh, a dhéanfadh greann, a d'ólfadh leann, Gus a bheadh indon eirighe ar maidin.
3/ Dá mbeadh spré ag an gcat is lagach deas a phósfaide é.
Níl, mo chreach, ná ag an té ar chóis dhó san é.
4/ Bíadh rí ruacain, biadh tuata baírnigh,
Biadh caillighe faocain, 'Gus bí dhá bpiocadh lena snáthaidh,
5/Más árd é an crann caorthainn,
Bíonn sé searbh as a bhárr,
A's fásann smeára is subh craobh,
Ar an gcrann is ísle bláth.
6/ Dreóilín, dreóilín, Rí na n-éan, lá Feil Stíopán
A gabhadh an t-éan, Is mór é a mhuirghin, is beag é féin, Dá bhfuiginn-sé ceapaire d'íosfainn é.(leanann ar an chéad leathanach eile)