Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
N., Bean Uí Cholchúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 346

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 346

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Leathanach 346
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'íarr [!] an núachar bréige atchuinge ar an rí óg. "Tá mé ag íarraidh atcuinge ort a chéile croidhe," ar sise "Geobhfadh tú i agus fáilte" ar seisean "Cuir fios ar an bfheanntóir" ar sise "go mbainfidhe sé an cloigeann de'n gheárrán ar a dtáinig mé ag marcaidheacht óir chuir sé fearg orm ar an mbhealach." Bhí faitchíos uirthí, ar ndóigh go labharóchadh an gearrán agus go n-innseóchadh sé céard abhí déanta aiche ar inghín an ríogh.
    Annsin d'orduigheadh gach uile sórt do réir tola na bainríoghna bréige agus bhítheas lé Falada a chuir chun báis. Chúala inghean an Ríogh céard abhí ar siúbhal, agus chúaidh sí ós íseal go dtí an feanntóir agus dubhairt sí go dtiúbarfhadh sí airgead dó dhá ndéanadh sé gar beag uirthí.
    Bhí geata mór ins an gcathair agus áirse dhubh dorchadh ós a cionn. Theigheadh sí tríd an ngeata sin gach maidin agus tráthnóna ag seóladh na ngéadh di. D'íarr sí air cloigeann Falada a Fhástódh thúas ar bhárr na h-áirse duibhe dorchadh sin lé go mbhéadh sé lé feicheál aiche gach maidin agus trathnóna ag gabhál isteach is amach dí. Dubhairt an feanntóir go ndhéanadh sé é sin. Bhain sé an cloigeann de'n ghearrán agus dfástuigh sé fá áirse an geata é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0533: The Speaking Horsehead
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bhéra Ní Mhuireadhaigh
    Inscne
    Baineann