Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Sgéal.Bhí fear ann fadó, agus cailleadh a bhean, agus pós sé bean eile, ní raibh aige acht buachaillín beag amháin leis an gcéad bhean. Bí Oidhche Fhéile Mártan ag teact, agus dubhairt an fear go dtiubharfhadh sé isteach caora lé marbhú lé haghaidh Oidhche Fhéile Mártan, agus dubhairt an bhean gan a thabhairt nach maith lé fhéin aon bhlas mharbú go Mhártan, agus dubhairt an bhean má mharbhuigheann tú í, go dtachtadh sí an chéad duine a d'iosfhas aon ghreim de, acht mar sin fhéin mharbuigh sé an chaora. Bhí go maith agus ní raibh go holc. Cuireadh síos pota den fheóil, agus do bí an leas-mháthair a bhí dá cócaireact, agus nuair a bhí sí bruithte thóg sí aníos an pota, agus do bhí féin an céad duine a d'ith greim dhe. Tact an greim í fhéin, agus cailleadh í. Cuireadh annsin í an oidhche céadna, agus tháinig sí na Sprid ag an doras ag an deich chlog san oidhche. Bhí an t-athair agus an buachaill(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhualáin
- Inscne
- Baineann