Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairims ceathair nó cúig de phúnta is iondúala an cadóg a bheith. Tá go leór de nósa an scadáin ag baint léithí. Cóthúigheann síad le chéile igclúiéchibh tuígha agus rud eild dhí tréigeann siad cúanta aithrid le iompadh do bhoise. Peilséir lúgaí nó sgadáin ghainimh an baoithe is fearr léithe. Tá an chadóg ina seasúr ó lár an tsamhraidh go tús Earraigh. Bíonn milliún eochra i n-eóchrasach maith ar bith aca. Ó mhí na Márta go Bealtaine aimsir a sgeithte. Deirtear gós féin gur breach beannuighthe í is go bhfuil lorg méarachaí ár Slánuightheóra ar chaon taobh dí. Bhí sí ar cheann de na trí éisg a thug na ríghte mar bhronntanas chúig ár Slánuightheóir.
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann