Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    píosa a rith leis an gcú chúile lá freisin. Séard a dhéanfadh sé ná cósa an chú do bhriseadh. Lá amháin chuir fear an tighe ag íarraidh muic é abhí ceannuighthe aige ó dhuine eile. Ag teacht ar ais dhoshan agus a mhuic aige, séard a rinne sé ná an drioball agus na clúasa a bhaint den mhuic agus íad a bháthadh san talamh. Chúaidh se go dtí a mháighistir agus deir sé leis a theacht i chonghnamh dhó go dtóigfidís an mhuic. Chúadar go dtí an áit ar bháith sé na clúasa agus an drioball. Rug an mháighistir ar a chlúasa agus ar a frioball agus thangadar leis. Is annsin a thuig sé céard a bhí déanta aige. Labhair sé go h-olc leis an spailpín. Dfheagair an spailpín, an fághail lucht orm é a deir sé. Ó ní h-eadh a deir a mháighistir.
    Lár na bhaireach h-orduigheadh dhó dhul siár agus cís a dhéanamh do chósa na gcaorach. Chúaidh seisean síar agus rinne sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Domhnaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe