Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)
- Suíomh:
- Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Anna M. Ní Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 263](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0074%2FCBES_0074_263.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 263
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Maolacáin
- XML Leathanach 263
- XML “Lá Fhéile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Déantar Crios Brighde de tuighe nó de luacra. Téigheann duine amac agus beireann sé ar an gcrois agus téigheann sé thart timcheall an tighe cúig uaire agus deireann sé,
“Téighidh ar bhur nglúnaibh
Abairidh páidreaca
Agus leigidh isteac Bríghid”
gac uair ag an doras, agus deireann na daoine taobh istigh,
“Leigfidh, agus míle Fáilte”
Annsin tagann sé isteac leis an gcrios agus cuireann siad Crios Bríghde i dtaisge, agus coinnigheann sé gac mí-ádh, tinneas, agus gac olc o'n teac ar feadh na bliadhna.- Bailitheoir
- Micheál Ó Conghailligh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cnocáin Bhána, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Conghailigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Na Cnocáin Bhána, Co. na Gaillimhe