Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)
- Suíomh:
- Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Anna M. Ní Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Maolacáin
- XML Leathanach 296
- XML “Fear agus a Mhac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus a mhac in-a gcomhnaidhe i dteach mór i gCon-Mac na Mara fadó. Bhíodh an mac amuigh ag imirt gcárta 'cuile oidhche agus bhíodh se a trí a chlog nuair a thiúcfadh sé abhaile. Bhí an t-athair ag éirigh an fearagach leis. Oidhche amháin sul ar d-imthigh sé amach, Dubhairt sé leis. "Mara a mbeidh tú istigh roimh deich a chlog anocht ní thiúcfadh tú abhaile coidhche. Ní chuir an mac aon aird air.
D'imthigh sé leis. Bhí sé ag teacht abhaile an t-am céadhna agus bhíodh sé ag teacht 'cuile oidhche. Acht, bhí cat bán in-a luigh treasna an bhóthair. Léim sé suas agus stróic an cat uilig é. Nuair tháinig sé isteach go dtí a h-athair, Bhí a éadan dearg le fuil agus dath gorm air.
Fuair sé an sagart and d'innis siad an sgéal dhó. Dubhairt sé go mbéadh sé go maith acht gan fanacht amuigh deireannach aon oidhche arís go deó. D'eirigh sé as. Níor d'fan sé amuigh tar-éis deich a chlog aon oidhche arís go bráth.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Stancháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eilís Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe