Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)

Suíomh:
Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Anna M. Ní Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Maolacáin
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “Triúr Driothár”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lean sé fhéin agus a trí mhada go dtí an teach beag é. Rinne sé staidéir agus connaic sé ocht clocha ghlasa taobh amuigh de'n doras.
    Chuaidh sé isteach d'iarr sí air "an raibh a chuid mhada droch mhúnta". "Ni'l a deir sé. "Ceangaileóchad iad" ars an t-sean bhean. "Ceangaileóchadh mé féin iad" ar seisean. Thug sí ribeacha dhó le h-aghaidh iad a cheanghail. Níor cheangail sé ar cor ar bith iad d'fágh sé na ribeacha briste.
    D'iarr sí dhó " ar d'ith sé a bhreacfast ar maidin" agus dubhairt sé "nar d'ith". Leag sí anuas pláta mairtfheóil aige.
    "Céard atá ar an bhfeóil seo nár féidir aon bhlas de ithe"? "Ní'l tada ar an bhfeól ort fhéin atá sé." Chaith sé an phláta léithe agus bhuail sé idir an dhá shúil í agus thuit sí ag an dríosiúr. Thosuigh an bheirt ag troid. "Conghnamh ribe" ar sise.
    "Conghnamh mhada" ar seisean.
    Rith na trí mhada chuici agus stroic siad ó na chéile í. "Ó" a deir sí. "Leig as seo mé agus deanfadh mé do bheirt driathár beó." Agus rinne. Sgaoil siad na naoí madra innti, nó gur tharraing siad ó na chéile í. Fuaireadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Stancháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Lorcan Mac Cartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe