School: Cloch Bhreac (roll number 12106)
- Location:
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch Bhreac
- XML Page 747
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá dhá thobar beannuithe sa bparróiste seo. Sé an áit a bhfuil siad amuigh i mBaile an Tobair. Sé an t-ainm atá ortha tobar Mhuire agus tobar Féichín. Tugann na daoine cuairt ag na toibreacha chuile bhliadhain. Sé an uair a thugann siad an turas faoi Fhéile Muire. Sé an chaoi a d’tugann siad an turas. Teigheann siad amach ag an tobar, agus báineann siad doibh a gcuidh broghaí. Annsin faghann ceithre chloch déagh, agus teigheann siad thart ar an tobar ceithre h-uaire déagh. Siad na paidreacha a deirearach na daoine ag an turas. Seacht sé do bheatha Mhuire, seacht n-uaire an phaidír, agus nuair a bhíonn’s an turas tughtha acú teigheann siad ar a ghlunaí ar aghaidh an tobair agus déireann siad tuille paidreacha. Annsin blásann siad don uisge. Cuala mé go bhfuil siad ann lé fada agus go bhfuil siad ann bheannuithe.
- Collector
- Máire Seóighe
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe