Scoil: Corr na Móna

Suíomh:
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Maille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr na Móna
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “An Siógaí Suarach nó an Cholainn gan Cheann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Gaillimh siar go dtí a chaisleán I mBaile na hInse.
    A siubhail a bhí an Máilleach , mar ní go maith a bhféadfadh capall a theacht aníos Claiscéim agus Sgiuradh go hIfrionn. Shuidh sé síos ar bhainscoig ar thaobh a'bóthair mar lá breagh Samhraidh a bhí ann. Thosuigh sé a cathamh snaoise dhó féin.
    D'fhéach sé thart agus céard d'feicfeadh sé ach an Cholainn gan Chéann. Bhí sé ráidhte nach raibh rud ar bith le feiceál ba mheasa ná an cineál seo de thaidhbse. Chuir an Máilleach cainnt air. "An gcaithfe tú snaois', adeir an Máilleach. Caithfe tú í" adeir an Cholainn. Ní ceart labhairt le taidhbse mar labhruighe sé leat. Bhí an Máilleach i gcumhacht an taidhbse uaidh sin amach.
    D'éirigh an bheirt aca agus siubhal siad an bóthar in éindí.
    Dubhairt an Cholainn leis an Máilleach go marbhóchadh sé é mar bhfreagruigheadh sé gach uile cheist a chuirfeadh sé air i leath-rann.
    Taidhbse - Coinneall i gcoinleoir ann
    Tomhair i lár leath-rann
    An Máilleach - Géag úr ar a dtom
    Agus ball dubh ar a leith-ceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Máille
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann