Scoil: Corr na Móna
- Suíomh:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Maille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr na Móna
- XML Leathanach 227
- XML “Goid an Ime”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin chor a bith.
Chonnaic mise cás mar sin cheana. Bhí ocht gcinn do bha bhainne ag mathairsa fadó. Bhíod go leór bainne agus ime againn. Bíod muid a díol an ime agus a tabhairt an bhainne do na muca
Is geárr gar thosuigh an bainne a lagdughadh Sa deireadh ní raibh lán cupáin do im againn. ach an chéad mhaisdreadh eile ní raibh tada ar an gcuinneóig ach cúmhar. Bhídís ag iarraid é a deanamh ach chinn sé ortha.
Oidce amháin tháinic fear siubhail ag an doras. Leigeadh isteach e. Dfiarr sé lóistín go maidin orta Dúbhairt siad nach bféadfad siad nach raibh fear an tighe istig
Dimtigh leis agus nuair a bhí sé a dul síos an bóitrín casadh fear a tighe dhó. Bhí an fear siubhail a caoinead. Ceárd atá ort a deir fear a tighe. Bhí mé thuas sa teach sin thuas a deir sé agus ní fhaghfad siad istigh mé agus caillfhidhar leis an bfuacht anocht mé.
Siubail liomsa a deir an fear is mise fear a tighe agus fághfha mise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Duithche
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe