School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Sean-fhear agus an Mála Oir.Bhí sean-fhear agus a mhac agus bean a mhic in a gcomhnaidhe le chéile uair amháin. Tháinig tinneas ar an sean-fhear agus bhí sé ag fáil báis. Ghlaoidh sé ar an mac cois leabthan an bháis agus dubhairt sé leis an bád a chur ar an uisge agus é fhein do thabhairt go dtí an bád.
Rinneadh an mac mar dubhradh leis agus chonnaic sé go dtug an sean-fhear mála mór leis. Ní túisge bhí an bheirt aca sa mbád nár labhair an t-athair agus ars sé leis an mac "Seol go dtí an áit is doimhne san loch" Bhí fhios go maith ag an mac ceard a bhí fén sean-fhear a dhéanamh agus isteach leis inaice leis an gcladac san áit nac raibh morán uisge agus stad sé. Bí an sean-fhear dall agus síl sé gur poll doimhin a bhí futha Rug sé ar an mála agus chaith sé isteach san uisge é.
D'imthigh siad abhaile annsin agus thug an sean-fhear a leabaidh air féin. Seal gearr indiaidh sin fuair sé bás. Cuireadh(continues on next page)