Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 002
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-agaird; ceithre h-agaird agus ceithre h-agaird sin ocht n-agaird; ocht n-agaird agus ocht n-agaird sin sé déag; sé déag agus sé déag sin do dhéa[g] is fic' agus is deas an baile arbhair é sin.
Baile agus baile sin dá bhaile; dhá baile agus dhá bhaile sin ceithre bha[ile;] ceithre bhaile agus ceithre bhaile sin ocht m-baile [< m-bailtí]; ocht mbaile agus ocht m-ba[ile] sin sé bhaile déag; sé déag agus sé déag sin dó déag 's fic' agus is deas an paráiste é sin.
Paráiste agus paráiste sin dhá pháraiste; dhá pharáiste agus dhá phar[áiste] sin ceithre pharáiste; ceithre pharáiste agus ceithre pharáiste sin ocht b-par[áiste;] ocht b-paráiste agus ocht b-paráiste sin sé-déag, sé déag agus sé deag si[n] do dhéag is fic' agus is deas an conndae é sin.
Conndaé agus conndaé sin dhá chonndaé, dhá chonndaé agus dhá chonndaé sin ceithre chonndaéthe; ceithre conndaéthe agus ceithre conndaéth[e] sin ocht g-conndaéthe; ocht agus ocht sin sé deág; sé déag agus sé déag sin dó-dhéag is fich' - agus sin arbhar na h-Éireann!"
D'íoc an feilméar go daor as an g-cómhaireamh.- Faisnéiseoir
- Padraig Ó hEanacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Tobair Thoir, Co. na Gaillimhe