Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 017
- XML “An Súisín Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Shíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mnáibh
Agus shuas i n-Gaillimh seadh d'ól mé leobtha mo shaith
Mar leigfidh na mná uasail 's mé fhágáil mar atáim
Déanfaidh mise cleas a rachas rún croidhe ar na mnáibh.Rinne mise cleas i d-teach Uí Dhomhnaill aréir
Agus an dara cleas i d-teach a bhí le na thaobh
An tríomhadh cleas dá ndearnas ní dheachaidh sé leas dam féin
Mar chuir an chaileach amach easadh an tsugáin méChuir mise isteach i d-teach an tabhairne ar maidin indé,
Agus bhí bean ar meisge ann agus a cúl le balla ó réir
Labhair sí liom ghá chogar anall thar an gclár
hobair ar an obair agus bogfamuid an suaisín bánNí clúdach ghe ná lachan a bhíonns ag na mnáibh
Ach clóicín deas mín a mheall ariamh feara fáil
Fear ar leith choidhche luathfar as laidir as a lár
fanfaidh sé sa mbaile ag bogadh an tsuaisín báinMaidir le bean ar bith leat-sa agus le fear ar bith eile ar ball
Ach gradh mo chroidhe an bean a bhionns ar aon staid amhain
Ach dá mbeadh spre ag an gcat nach deas an posaidhe é
Agus níl fios aige cé ba chomhradh é
Ach tá sé pósta le inghin na caillighe giobuighe ó réir
Agus a liachta óg bean deas agus gan fear aici a phógfad a béal