Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 045
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fadó darbh ainm Seán Tincéir.”
(ar lean ón leathanach roimhe)feadóg ar mhoin". Bhí an lá ag Séan an cor sin. Ach má bhí féin ní raibh fear na h-adhairce sásta.
Sgríobh sé an paidir agus an cré agus an Abhe Maria ar dhruim nóta chuig phunt agus leag sé é ar an m-bothar roimh Shéan. Thóig Séan suas an nóta agus thosuigh ghá leigheamh. Agus chomh luath 's a bhí an focal deiridh leighte aige sheas an Diabhal ós a chomhair agus dubhairt- "tá sé ráidhte agat a Shéain." "Árduigh leat mé" dubhairt Séan. D'imthigheadar leobhtha síos agus dubhairt an Diabhal leis "céard é sin in do láimh agat." "Páca cartai" arsa Séan "a imreóchá cluiche." "Imreóchád" ars an Diabhal. "Cia an geall a imreóchas muid" ars an Diabhal. "Imreóchaidh m'anam" ars an Séan "in aghaidh an méid anamnacha atá agat annseo". Maith go leór" ars an Diabhal. Thosuigheadar ag imirt agus ghnothuigh Séan an chluiche. Thiomán Séan na h-anamnacha amach roimhe. Nuair a chonnaic an Diabhal ifreann bánuighthe aige tháinigh uaigneas air agus dubhairt sé le Séan "Céard é sin faoi d'asgall agat." "Mo Phiopa" arsa Séan "Ó tharla gur bhánuigh tú an áit orm a d-tiubhrá gall dam." "Bhéarfad arsa Séan. Cuir an ceann caol in do bhéal agus bhéarfaidh mé teine dhó. Chomh luath 's a bhí an ceann caol in a bhéal tharrung [!] Séan an casúr anuas agus mharbhuigh sé an Diabhal leis an urchar.
Ar aghaidh le Séan annsin gur shroich sé an flaitheas. Bhuail sé ar an n-geata agus tháinigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- R. O' Connell
- Faisnéiseoir
- Thomas Mannion
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Miller (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe