Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 050
- XML “Orthaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an leonadh:
Nuair a leonas duine a láimh no a chos, téidheann sé ag an té a bhfuil an ortha aige. Le linn na h-orthaidhe a dhéanamh deireann -
Fear feasa (nó an bhean) na foclí seo fá thrí! -
"An leonadh é seo?
Ní headh ach gortú
An fear úd thall a goid na monadh
Tabhair uaim-se leath an leonadh."Ar thinneas cinn
Tomhaiseann an té aga mbíonn an ortha an ceann le sreang agus le linn an ama sin deireann sé na focla seo thíos -
Orth a fuair Muire óna Mac
Nuair a bhí a chorp as an uaigh ag eiséirighe
Tóig é, Pheadair, Tóig é, Phóil,
Tóig é Abstoil tóig é Eoin
Go dtóigheh do leaca agus do linn
Agus cnámha do chinn mar is cóir.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhiscín
- Inscne
- Baineann