Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 073
- XML “Dún na Móire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá réir sgéil sí Mór Ní Mhananáin (Inghean Mhananáin Mhic Lir) a thóg an chéad dún ins an áit so. Tá an fhuirm "Dún na Móire" i m-béul na sean daoine i g-comhnaidhe. Sin cruthunas go bhfuil an sean sgéal fíor dar liom.
Annsin tháinig "Haiste" - laoch calma as an mBreatain Bhig agus thosuigh sé ag tógáil caisleáin in aice Dún-na-Móire. Ach "ní mar síltear bitear" ní raibh "Mór" sásta leis sin agus leagadh sise ins an oidhche an mheid a thóigeadh Haiste agus a chuid fear í rith an lae. Leanadh an obair so ar feadh cúpla seachtmhaine agus annsin chuaidh Haiste chuig "Dall Glic" eicint leis nach raibh Mór Ní Mananáin sásta leis in aon cor; nár thaithnigh leithi caisleán nua a thógáil in aice a dúin féin; ach go dtuibradh sí cead dó a chaisleán a thógáil ós cionn a dúin féin. Ghlac Haiste leis an gcomhairle so agus thóg sé an caisleán ar bharr an Dúin. Do thóg Mór agus níor chuir Mór isteach air. Bean Uimhreach a bhí innti agus bhí bród agus riméad an domhain uirri an Caisleán breagh árd a fheiceál mar leacht chuimneacáin d-ithe fhéin.Ní raibh Haiste ró fhada ins an gcaisleán nua nuair a tháinig Mac Feorais agus arm laidir leis agud d'ionnsaigh sé an caisleán. Bhí troid fhuiilteach eatorra ach ins an ndeireadh bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)