School: Mionlach (roll number 8800)
- Location:
- Mionlach, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Riocard Ó Tighearnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mionlach
- XML Page 130
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mé “This old hat pays for all,” maith go leor adeir fear an tighe. Chuaidh Páidín isteach i dteach [-eile-] eile agus rinne sé an cleas céadna cuaidh sé isteach i dteach bidh agus rinne an rud céadna. Nuair bhí Páidín taobh amuigh do’n doras thainig sé an fear a cheannuigh an bhó uaidh. Thug sé isteach go dtí an chéad teach ar fhág sé an punt ann agus d’ól siad a sáith. Nuair bhí Páidín ag dhul amach chraith sé an sean hata agus dubhairt “This old hat pays for all.” Nuair chuaidh Páidín amach céard d’fheicfheadh sé acht an fear a bhí ag ceannacht an bhó i dtosach. Thug Páidín an bheirt fhear isteach sa teach biadh agus d’ith a sáith. Annsin chraith Páidín an sean hata agus dubhairt “This old hat pays for all.” Chuaidh siad amach annsin agus dubhairt na fir ceannóchadh muid-ne an hata sin uait agus thug siad deich bpunt dó ar an hata. Chuaidh Páidín abhaile annsin agus fuair sé dhá coinín agus chuir sé i mbosca iad buil an teine agus chuaidh sé féin i bhfolach. Thainic na fir agus d’iarraigh cé raibh Páidín.(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Maoldhomhnaigh
- Gender
- Female