Scoil: Rathún (Clochar) (uimhir rolla 1013)
- Suíomh:
- Rathún, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathún (Clochar)
- XML Leathanach 456
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
- XML “An Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuiteann lá Fhéile Stiopháin ar an lá in a dhiaidh lá Nodlag. Bíonn go leór buacaill beag ag dul thart leis an dreóilín bíonn an dreóilín thíos i mbosca agus bíonn cuileann ar bhárr an bhosca agus bíonn amhráin beag ghá rádh ag na buachaillí beaga. Seo é an amhrán:-"Dreóilín, dreóilín, rí na n-éan.
Lá Fhéile Stiopháin gabhadh an t-éan
Is mór é a mhuirighín, is beag é fhéin,
Eirigh suas a bhean an thíghe
Beir ar sgian na coise buidhe
Agus gearr amach píosa do'n dreóilín."
Deireann an duine abíonn ag éisteacht leis go mbíonn se sin go maith agus tugann sí píghinn nó dhá pighinn dóibh agus bionn dhá buachaill agus aon bosca eadorra. Nuair a bhíonn a sáith déanta aca, bíonn an t-airgead arfad ag buachaill amháin agus roinneann sé an t-airgead eadorra agus ceannuigheann siad milsean agus teigheann siad abaile.- Bailitheoir
- Mairéad Ní Chomháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Cinn Uisce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sorca Ní Chomháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Uisce, Co. na Gaillimhe
- Leipreacháin a chuaidh ar strae,
Is bhí sé amuigh i rith an lae,(leanann ar an chéad leathanach eile)