Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dealgain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 156
- XML “Cú Deas na Coille Gairbhe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintearach fado i dtír seo agus bhí beirt mhac uirthe agus bhí siad
an bhoct. Bhí siad amuigh sa gort lá amháin. Deir siad le chéile go raibh
siad am ag ceann acu le imtheacht go raibh saothar beagán don mháthair. Dubhairt Sean go mbeadh se ag imtheacht. Chuaidh sé isteach ag an mháthair agus deir sé léi na leani fághail réidh agus cácai aráin coirce cur isteach sa mbulach. D'imthigh sé leis agus bhí sé ag imtheacht gur bhain an oidhche
an lá leis. Tharraing sé suas go sruthán beag uisge. Thuit sé síos agus tharraing sé amach an t-arán coirce. Dubhairt sé leis féin nuair a mbeadh tart air "Olfaidh mé beagán uisge agus ith mé cuid den arán.
Ni raibh sé i bhfad suidh síos gur thuit sé 'na codladh. Ni dhúisigh sé go raibh sé freothar an maidin. Ceard a shuidh le m'ais ach Cú. Labhair sí leis "Tá mise annseo ar feadh na h-oidhche do chuadach" "Anois a Seáin a deir sí "Tá trí coileán agam agus tá ocras ortha" "Beidir" a deir sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mairtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dealgain, Co. na Gaillimhe