Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Prátaí.
Cuireann gach duine annso timhcheall prátaí gach bliain, mar is iad na prátaí an gnáth biadh a bhíonn aca, agus muna mbeadh iad ní bheadh faic aca lé n-ithe. Is é an feirmeóir féin a d'ullmuígheann an talamh san Earrach, agus bíonn sé ag obair go cruaidh ag treabhadh is ag cur. Ar dtúis tarraingtear aoileach amach ar an ngort, agus leagann sé na h-ualaíghe na líntígheacha ar an bpáirc. Nuair a bhíonn deireadh tarraingthe aige faigheann sé a shluasad, agus leathann sé an t-aoileach ar an ngort. Annsan faigheann sé seisreach agus ceachta agus treabhann sé an gort in na leapthacha. I rith an ama seo ni bhíonn bean an fheirmeóra díomhaoin. I dteannta obair an tíghe bíonn uirthe na scioltáin a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Suileabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí