Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall (uimhir rolla 14480)
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall
- XML Leathanach 226
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(Tá an cloch sin ann fós ach níl aoinne i ) gcúram an cloch do bhriseadh mar tá fhios acu ná feadfhaidís é do bhriseadh mar deir na sean daoine atá ins an bhaile go bhfuil draoidheacht ar nó tá duine eigin á chosaint.Fuair mé an sgéal so ó:
Máire Ní Bheaglaoí, Cill-Chuain,
Baile na nGall, Daingean.
Deir na sean-daoine go bhfuil cróca óir curtha i bhfolach ins an gcúine thoir thuaidh de Chaisleán Bhaile an Mhúrig.
Na Múraig a bhí na gcómhnúidhe ins an gCaisleán seo a chuir ann é. Nuair a bhíodar ag tógaint an Chaisleáin iseadh chuireadar ann é mar bhí eagla ortha roimh na Sasnaig. Deirtear go mbíonn cat mór dubh ag túbhairt aire do. Ní thug aoinne riamh fé é d'fágailt mar do bhí eagla ortha. Tá an t-ór san ann fós.Fuair mé an sgéal so ó:
Seán Ó Muircheartaigh, Baile na nGall, Daingean. - Deir na sean-daoine go bhfuil cróca óir curtha i bhfolach ins an gcúine thoir thuaidh de Chaisleán Bhaile an Mhúrig.
Na Múraig a bhí na gcómhnúidhe ins an gCaisleán seo a chuir ann é. Nuair a bhíodar ag tógaint an Chaisleáin iseadh chuireadar ann é mar bhí eagla ortha roimh na Sasnaig. Deirtear go mbíonn cat mór dubh ag túbhairt aire do. Ní thug aoinne riamh fé é d'fágailt mar do bhí eagla ortha. Tá an t-ór san ann fós.- Bailitheoir
- Tadhg Ó Caomháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na bhFionnúrach, Co. Chiarraí