Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall (uimhir rolla 14480)
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go n'osglóchadh an bolgán-sé sin an síol. Annsan tógfaí aníos é agus dheintí é thriomú. Dháileóghfaí súas arís é agus déanfaí punannacha arís do chuin é thúargaint. Núair a bhíodh sé túargaidhethe acu do curtaí sa tlú é chun ná beadh aon phioc de'n cholg ann.Núair a bhíodh an tseana bhean a' tharrac tríd an dtlú do bhaineadh sé do an banach, chun go mbeadh sí ábalta ar é tharrac tríd an taisteal. Annsan curtaí sa taisteal é chun é shníomh sa torann. Núair a bhíodh sé sníomhtha cathfaí í glasú agus é chur ar an gcrann dealú chun sgáithne a dhéanamh agus curtaí go dtí an bhfíghdeóir é. Dheineadh an fíghdeóir pé nídhe a theastóchadh úait a dhéanamh i.e. éadach mín nó garbh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tadhg Ó Caomháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Beaglaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Chnocáin, Co. Chiarraí