Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall (uimhir rolla 14480)
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh mórán tailiúraithe ag teacht anso tímcheall fadó. Síád an ainmeacha ná Tomás Ó Muircheartaig nó Tomás Silbhbheistir a glaodhtaí a glaodhtaí mar leas ainm air. Do bhí priotháir dárb ainm Seán leis an táilliúir. Bhíodh táilliúraithe eile ag teacht timcheall leis gurb ainm dóibh Sean Ó Morchadha, Mícheal Ó Seaghdha, Dómhnaill Ó Leary, Pad Dubhán.
Thagaidís tímcheall anois agus arís go dtí gach tig. Sé an saghas eadaí a bhídís ag déanamh ná bréidín plainín, bréid cóirithe agus córda - ríghe.
Nuair a thagaidís isteach ins an tig ina mbíodh aon rud lé déanamh ann gheibhidí cómhla agus churidís treasna dá chathaoir é. Suidhfidís síos ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Caomháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Beaglaoí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Chnocáin, Co. Chiarraí