Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Gleannta
- XML Leathanach 344
- XML “Lá Maraithe na bhFear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)344
béigin do gach fear leabhar a thabhairt go ragadh sé síos go dtí an Daingean lá ar na mháireach chun saighdúirí Shasana do throid.
Chuadar síos ach ní raibh acu ach spealaibh agus picí. Bhí airm níos fearr ag na saighdúirí. Thanagadar le chéile ag Bóthar na Leac inaice Daingean Uí Chúise. Is annsan bhí an chath acu. Sul a raibh an cath críocnuithe do theith Gloster ach do marbhuibheadh ceathrar déag dá chuid fear.
Thánagadar go dtí Baile an Mhuilin lámh leis an Daingean. Do theith na daoine go léir uatha nuair connacadar ag teacht iad. Chonnaic na saighdúirí iad agus d'iarradar cead ar an gcaptaon iad a mharbhú, ach dubhairt sé leó leigint dóibh.
" Daoine bochta iseadh iad go léir", ar seisean.
Lá eile leis thánagadar go tigh Tomás Éamon Mac Gearailt sa Gleann agus thosnuigh an gadhar ag sceamhghail ortha agus do lámhach duine acu é. Bhí a thuille acu thíos ar an mbóthar agus nuair a chualadar an glór chuadar in n-airde ar an gcloidhe mar cheapadar gur Gloster(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Síthigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eoghan Mac Síthigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí