Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Gleannta
- XML Leathanach 382
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 382
Liosanna
Níl aon lios i bhFotharach ach tá siad sa bhaile is giorra dhom, Bárra an Bhaile. Sé an duine gur leis é ná Seán Ó Breathnach. Lios ana-mhór iseadh é agus Cathair na gCath an ainm atá ar. Tá cúpla tor sgeach geal ag fás timpeall ar. Cuma cruinn atá ar. Bhíodh sé lán do chait fiadhaine istig ann. Cait íad san a théideadh ar strae ó dhaoine agus bhailídís go léir isteach sa lios. Bhíodar ana dhoinséarach mar b'féidir go marbhóthaidís duine nuair a bheadh sgata aca le chéile.
Aon bonn amháin atá timpeall lios Seán Bhrreathnach agus tá sé déanta do chré. Déirtear go bhfuil casán fé'n dtalamh ag dul ó lios Seán Breathnach go dtí lios(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Síthigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Garrán, Co. Chiarraí