Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)423 mbliana do bhí sé ag eirige ciallmhar. Cheap sé gurbh í an bhean a thóg é ná a mháthair agus mar gheall ar sin bhí sé ana ceanamhail uirthi.
Nuair a théigheadh sí go dtí an Baile Mór tughadh sí liathróid nuadh bronntanas éigin abhaile chuige. Tháinigh sí abhaile lá amháin agus bé an céad ceist d'fiafruigh sé dhí an raibh aon sgéal nuaidh aici. Dúbhairt sí ná raibh ach go mbeadh cluiche peile dhá nimirt in áit áirithe agus i nam áirithe. D'fiafruigh sé dhi an leigfheadh sí ann é.
" Ná bí ag cuineamh ar a leithéidh de rud", ar sise.Bhí sé ag gabháil di go dtí gur béigin dí cead a thabhairt do.
Chuaidh sé amach sa choill agus tharraing sé géig anuas de chrann agus dhein sé comán do. Nuair a tháinigh lá go raibh an imirt le bheith deirigh sé le h- eirighe na gréine agus dimthigh sé fé dhéin páirc na himirthe. Lean a mháthair é i gan fhios do. Chuaidh sé isteach sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí