Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
- XML Leathanach 017
- XML “Scéal Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a thógfaidh duit í," arsa í sin. "An saor is féarr lé fághail". Dúbhairt an tighearna léi a rádh leis teacht chuige féin nó mara dtiocfadh go mbainfeadh sé an ceann do.
Seo léi abhaile agus dúbhairt sí leis an dtáilliúir go raibh an tighearna talmhan i bhfionnerágha ag cainnt léi. "Dúbhairt sé leat bheith chuige tráthnóna amáireach agus a thoise a thógairt chun culaith éadaig a dhéanamh," arsa í sin. "Dia lé'm anam, n'féadfad-sa culaith éadaig a dhéanamh maith a dhóthain do san," arsa é sin.
"Mara raghaidh tú ann," arsa a bhean, "bainfidh sé siúd an ceann díot".
Seo leis go dtí Fionn-Tráfa agus é go dúbhact brónach i gcaitheamh an bhóthair do, do bhuail an trith beag de sheana-bheáinín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Cíobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Liaigh, Co. Chiarraí