Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
- XML Leathanach 042
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an dtráig agus go bhfuil siad curtha i roilig Fionntrágha. Níor tháinig saor ach an máirnéalach agus a mhach. Bhí fear 'na chómhnuídhe i gCeann Trágha fadó agus Vanston ab ainm do. Protastúinach dob eadh e. Lá amháin bhí sé ag lorg clárach san Success agus do bádhadh é.
Bhí fear ó Dhúnchaoin ag dul abhaile ó Ceanntrágha oidhche. D'Fág se an tig óil ana dhéanach san oidhche agus bhí a dhóitín ólta aige. Cheap se go raibh an bhóthar ceart aige agus siúbhal sé amach go ceann an Ché agus thuit sé síos agus bádhadh é.
Fuarathas é san áit sin lá ar na bháireach agus ní bheadh fhios aca cá raibh sé muna mbeadh go raibh tarnaí 'na bhróga agus leanadar a rian.