Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (uimhir rolla 538)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Daingean Uí Chúise ar a dtugtar "Cnoc na gCrann".Tá baile fearthainn beag ar an dtaobh ó dheas de ar a dtugtar Baile na gCrann.
Tá tobar ann agus aon duine ar bith a raibh radharc na súl go h-olc aige agus dá dtéigheadh sé chun tobar san ar feadh naoi maidin leighisfaoí iad. Bhí robálaí ina chomhnuidhe ar bhárr an chnuic agus nuair chualadh sé mar gheall ar an dtobar san ar a dtugtaí "Tobar na Sgeach" tháinig sé. B'é an ainm a bhí air an bhfear san ná an Gadaí Dubh. Do chómhnuig sé fé charraig mhór ar an dtaobh istigh de'n tobar. Aon duine a bhí chun teacht bhí sé chun é a mharbhú.
An chéad duine tháinig ní raibh sé ábalta dul timcheall an chasáin. Do stop rud éigin é. Ní raibh sé ábalta aon ní d'fheiscint, ach tar éis tamaill chuala sé guth á rádh leis ó's íseal. Seachain tú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair an Chruitire, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí