Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (uimhir rolla 538)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dhein na púchaí a seacht ndíthcheall chun dul idir í agus an claidhe acht ní fheadfaidís é. Níorbh fhéidir leó a lámha a chur uirthi chun í do tharraingt amach ó'n gclaidhe mar bhí an clócha donn uirthi acht dá mba féidir leó dul idir í agus an claidhe d'fhéadfaidís í do mharbhú.
Taréis tamaill mhaith a caitheamh a' iarraidh í do chur amach ó'n gclaidhe d'imthigheadar leó. Nuair a bhíodar imthighthe bhí an bhean sásta acht mar sin féin choimeád sí in aice an chlaidhe go dtí go raibh sí slán saor ag abhaile.Geallaim-se dhuit nár fhan sí amuich cómh déidheannach san aon oidhche eile ina dhiaidh sin.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Móin an Fhraoigh, Co. Chiarraí