Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (uimhir rolla 538)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)timcheall mhuinéil gac ceann díob:
Nuair deineadh aoinne iarracht breith ar na caoirig do bhuaileadh an cloigín. Annsan cuireadh an rí a shaigdiúirí amach féachaint cé bheadh ag gabháil dóibh. Oidhche amháin d'imthig Seán agus buacaill eile ag déanamh gadaidheachta. Ní raibh sé socair acu cá raghaidís in aon cor. Nuair thángadar go Páirc an rí dubharadar go raghaidís isteach cun cúpla ceann des na cloigíní óir a ghuid agus d'fhéadaidís iad a dhíol in áit éigin eile.Seo leó isteach agus ritheadar i ndiaidh na gcaorac ach dhein na cloigíní ana fhothrom agus rith na saighdiúirí amac in a diaidh na beirte. Do rith Seán isteach i bpoll mhór agus d'imthigheadar tharais gan é d'fheiscint. An fhaid a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Shuilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. Chiarraí