Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (uimhir rolla 538)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 520](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0424%2FCBES_0424_520.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 520
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuir sé an solus amach agus siúd leis abhaile annsan.Taréis tamaill tháinig Miceál isteach agus fuadar fé agus dubhairt sé gur fuaireadh duine des na máirnéallaig i measg na carraigeacha. Thugadar isteach é agus thugadar braon fuisge dó, agus tháinig sé cuige féin. D'innis sé an sgéul go léir. 'Sé an rud a thárla ná gur bhuail an bhá i gcoinnibh carraig nuair a mhúchadh an solus.Nuair chuala Brian an méid sin tháinig an-bhrón air taréis cen méid díoghbhála a bhí déanta aige. Chuaidh sé ar a glúinibh ós comhair iomhaigh an Croidhe ró Naomhtha Íosa, agus dubhairt sé nárbh Dia a bháidh in aon cor iad ach é féin tré mhúchadh an t-soluis.
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Móin an Fhraoigh, Co. Chiarraí