Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (uimhir rolla 538)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 18. Daoine ana shainnteach do b'eadh na daoine fadó agus bhídís i gcómhnuidhe ag gabháil dá chéile. Lá amháin bhí bean ag crúdh na mbó agus ní tháladh an bhó aon bhainne. Tháinig briseadh chroidhe ar an mnaoi agus seo leí godtí an sagart. Lá ar an mháireach léigh sé Aifreann sa tigh. Dubhairt sé leis na daoine go bhfeicfidís an bhean sainnteamhail ag dul síos an bhuíle meadhon an Aifrinn. Do thuit amach a diréach mar dubhairt sé, agus ní fheaca sí í riamh ó shoin.
19. Deirtear go bhfuil draoidheacht eigínt i rudaí iarainn agus seo sgeál a bhaineann leis. Lá amháin bhí bean ag deunamh ime agus ni thiochfadh an t-ím. Bhí sí ar dearg buille agus dubhairt sí go nbainfeadh sí díoghaltas amach.
Chuir sí sluasad ar an dteine agus le linn é thógaint amach bhuail sí le leanbh beag agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eoghan Ó Mhuircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí