Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Moladh Báid (ar lean)
“Sí mo "léadar" a deanadh le duthracht”
(ar lean ón leathanach roimhe)Agus báid eile buailte insa tráigh.
An té a chidhfeadh mo léadar i gcruadhtanas.
lá briste na dtonn insa bháígh,
Is í ag túnáil ar bharr na dtonn ngeal.
Is cosamhail le seabhac í ar a ' máigh.
* * * * *
Rann a dhein file ó dheas do Sheán Ó Dunlaoidh.1-9 Féach lch 1
Idtaoibh muintir an oileáin ní'l acu fagháltas beathaidh ná bídh,Ach cruiceáin gan áird a fhásann i bhfeamanaigh bhuidhe,Ag imtheacht gach lá le n-a mbáid go dtí an Daingean seo shíos,Agus mara bhfaighid min ar cáirde beidh a bpáistí ag gol ceal bídh.
Freagra Sheáin Uí Dhunlaoidh air.A Ghearaltaigh Sheáin ní mheádhaim go bhfuilean tú fíor,Mar tá muintir an oileáin fial fáilteach fairsing 'na gcroidhe,Nuair a sheol an gála naoi mbáid ó'n úr-ghala 'nár dtír,Tréis óstaidheacht ocht lá níor gádh dóíbh pinginn do dhiol.
! Tál = Plane- Faisnéiseoir
- Muiris Feiritéir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tíorabháin, Co. Chiarraí