Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor iarr sé marcaidheacht capaill ach ag siubhal ar fuaid na lathachGan tsnáthar ó'n spéir.
(IV)Siad lucht na n-órd a' moladh nár thug riamh náireNá an Mhaighdean úd ná caitheadh sí cáim ar a dá chraoibh.Húda dubh ná hata ná sioda d'ór ó'n gcathairCé go bhfuair "power" is gradam thar mnáibh eile 'n tsaoghail.
(V)Sin "title" agat mar mheasaim Iosa féin do chaitheamhTrí ráithe mar gach leanbh i n-árus a cléibh.Ar uair a báis na h-Aingil dá breith idir corp is anamSuas go rioghacht na bhFlaitheas go lámh deas Mhic Dé.
(VI)Céad glóíre leat-sa Athair atá go h-árd sa bhFlaitheas,Is mór le rádh é t-ainm agus is cómhachtach í ag an saoghal.Cheapais-se coillte is crainnte is solas árd sa ghealaigh,Is na réalta úd ag taithneamh gach aon oidhche ar an aer.
(VII)Céad glóíre airís leat ' Athair atá go h-árd insna Flaithis,Is mór le rádh é t-ainm agus is cómhachtach í ag an saoghal.Scaoilis-se gach abha is caisle de slaodaibh gearra reatha,Is an mhuir mhór bhraonach fhairsing is í lán dhá cuid éisc.
(VIII)Dá shuaraighe iad na beacha do cheapais-se dóibh slighe bheathaNuair a bhionn grian an tsamhraidh ag taithneamh bailighid leo a gcuid meala,Mar stór igcóír í chaitheamh insan ngeimhreadh le céíleSiorruidhe buan í t-ainm agus cómhachtach í ag an saoghal.- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí