Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mac ministéir b'eadh Seán. Bhí cailín aimsire aige, catoiliceach b'eadh í agus ní itheadh sí aon fheoil Dia h-Aoine.
"Cad na thaobh ná itheann tú an fheoil" arsa'n fear léi. "Ní dhom chreideamh í ithe" ar sise, "agus dá ndéanfá leis é gheobhfá a luach fós".
"Ní fhéadfhainn é" ar seisean "ní mhairfinn ar ceal feola. Ní fhéadfhainn chur suas de'n fheoil go dtí go gcuirfidh an bulán bán suas de'n bainne".
Aoine an Chéasta chuaidh an cailín go dtí an bulán bán agus chuir sé suas de'n bainne. Ghlaoidh sí annsan ar mhac an mhinisteir agus dubhairt sí go raibh an bulán bán curtha suas de'n bhainne.
"Begor mhuise, déanfad-sa lá indiu trosgadh leis " ar seisean . Luigh sé ar a leabaidh agus dubhairt sé gan glaodhach air nó go nduiseochadh sé féinigh. Níor ghlaoidh aoinne air agus ar maidin bhí sé caillte.
"Maith an scéal mhuise nár leig duit féinig. Béidh mé cionntach ionnat" ar sise. I.
Nuair do chuadhas-sa suas go dtí doras a' Fhlaithis,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 60
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí