Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an slabhradh ó'n dtaobh amuigh de'n bhfalla. Thug sé é féin le taisbeáint do'n phéist agus thug sé iarracht ar é shughadh chúighe ach chosg an falla í. Thug sé fúithe leis na spiaraí agus phlaosc sé idir an dá shúil í. Bhí sí ag iarraidh é tharrach ach ní fhéadfadh sí é. Nuair a bhí sí cortha d'aithnigh sí go raibh sí marbh nó geall leis. Bhí a leath amuigh as an loch. Rug sé ar a chlaidheamh agus bhuail sé teora a cinn agus a muineál agus mharbh sé í.
Nuair a bhí sí marbh aige thóg sé cúirt bhreágh ann, agus bhí an fiolar aige i gcómhnuidhe. Bhí Rí eile in íochtar na h-Éireann agus Rí na bhFiolar a thugtaoi air. Bhí barra-buadhaill aige agus nuair a sheinneadh sé é chaitheadh gach aoinne ar an dtalamh teacht chuige. Bhí buadh agus fios ag an seachtmhadh cailín agus nuair a sheinneadh Rí na bhFiolar an barra-buadhaill chómhairligh sí do Donn Dubh dul in áirde ar druim an fhiolair agus gan túirling do'n talamh chuige. Dheineadh sé amhlaidh agus d'fhanadh sé in áirde sa spéir nó go bhfilleadh an rí airís go Sliabh na mBan bhFionn. Thug Rí na bhFiolar Diarmuid Liath --an fiolar ab'fhearr a bhí aige féin-- agus thug sé féin agus Diarmuid Dubh trí lá in áirde sa spéir ag bruighean agus mharbh Diarmuid Dubh Diarmuid Liath agus sin é an fáth go dtugtar Sliabh an Fhiolair ar an sliabh sin .- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí