Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (a) Bhí fear i gCo. Mhuigh Eo fadó agus sé an t-ainm a bhí air Braonán Caoch. File a bhí ann freisin. Tréis go raibh sé caoch bhí an mhothú ann. Dá mbeadh duine ag tigheacht an bóthar bheadh fhios ag Braonán cé bheadh ann nuair a chluinfeadh sé torann a chuid cos. Lá amháin bhí an Mórdhach mór agus Aodh Ua Ceallaigh ag dhul an bóthar, agus chonnaiceadar Broanán Caoch ag tigheacht ina dtreo.
"Ní labhrfamuid anois le Braonán" ar rad le chéile., "go bhfeiceamuid an aithneochaidh sé sinn."
Nuair a chuadar tgairis amach. "Ó Mórdhach na deirce atá ann" arsa braonán, "agus Aodh bréagach Ua Ceallaigh."
"Céard dubhairt tú'" arsa'n Mórdhach le braonán.
"Ó Mórdhach croidhe na féile" ar seisean, "agus Aodh glé gheal Ua Ceallaigh."(b) Tháinig braonán isteach i dteach a chuirfeadh sé suas go minic ann, agus d'fháigheadh giollacht mhaith freisin. Ach an uair seo ní raibh fear an tighe istigh roimhe agus ní raibh bean an tighe ag tabhairt aon ghreim le n-ithe do Braonán. Bhí braonán ahn céasacht agus ar tí a mhallacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Páidín Ó Meádhra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe